Stádas caomhantais na Machairí

Tá LIFE ar Mhachaire ar siúl laistigh de 9 Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCSanna) agus 4 Limistéar faoi Chosaint Speisialta in iarthar agus iarthuaisceart na hÉireann. Is iad aidhmeanna an tionscadail gnáthóga tosaíochta Machaire a bhfuil stádas ‘Iarscríbhinn I” acu a chosaint agus a athchóiriú (*21AO, gnáthóg tosaíochta in Éirinn) agus dumhcha Socra cois cósta agus fásra luibheach (“dumhcha liatha”) (2130) mar aon le gnáthóga cois cósta a ghabhann leo agus na speicis a thacaíonn siad leo.

In 2019, agus Éire ag tuairisciú faoin Treoir um Ghnáthóga AE, cinneadh go raibh stádas caomhantais Neamhfhabhrach – Olc ag Machairí agus ag dumhcha socra tar éis measúnú a dhéanamh orthu. Is ionann sin agus a rá go bhfuil baol mór ann go dtiocfaidh deireadh ar fad leo, ar bhonn réigiúnach ach go háirithe, agus tá sé le tuiscint ó fhianaise bhreise go bhfuil díghrádú fós ag dul ar aghaidh ó 2013 i leith.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal LIFE ar Mhachaire dul i ngleic leis na príomhbhrúnna atá ag cur isteach ar chórais na Machairí, brúnna ar sainaithníodh baint a bheith acu de chuid is mó le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus fóillíochta/turasóireachta a dhéanamh ar bhealach neamh-inbhuanaithe. I measc na mbrúnna talmhaíochta tá leibhéil stocála neamhoiriúnacha agus cathain a chuirtear ainmhithe amach ar féarach chomh maith le struchtúr fisiciúil na Machairí agus a ngnáthóga gaolmhara a chur as a riocht.

Picture: Feirmeoireacht ar mhachairí