Cén ghné as an ngnáth atá ag baint le córais na Machairí?

Cuimsíonn córais mhachair sraith de ghnáthóga uathúla agus luachmhara. Tá gach gnáthóg déanta suas de fhiadhúlra chomh huathúil agus chomh luachmhar céanna. In LIFE ar Mhachair, díríonn muid ar speicis atá faoi bhagairt go náisiúnta maidir le pórú agus grúpaí pailneoirí (beacha, beach ghabhair, féileacáin agus leamhain).

Chomh maith le bheith uathúil agus speisialta, cuireann córais Machair réimse seirbhísí éiceachórais ar fáil freisin, lena n-áirítear tacú leis an bhfeirmeoireacht trí innilt ainmhithe, rialáil sreabhadh uisce (maolú tuile) agus gaisteoireacht dríodair, pailniú, sláinte ithreach, cosaint cósta agus oidhreacht chultúrtha agus shóisialta.

Le blianta beaga anuas, cuireann suíomhanna Machair áit ar fáil d’úsáid luachmhar áineasa agus turasóireachta, do chuairteoirí áitiúla agus do chuairteoirí níos fuide i gcéin araon.

Tá sé mar phríomhchuspóir ag LIFE ar Machair an chothromaíocht a bhaint amach don fheirmeoireacht inbhuanaithe agus d’úsáid áineasa/turasóireachta na gcóras Machair amach anseo, i gcomhthéacs an athraithe aeráide.

Eallach ar an Mhachair
Eallach ar an Mhachair